Rialacha An Chomórtais Ghrianghrafadóireachta
Tá an comórtas seo dírithe ar ghrianghraif dhaite nó mhonachrómacha a léiríonn gné ar bith den saol i nGaidhealtachd na hAlban nó i nGaeltacht na hÉireann agus a chuireann in iúl saibhreas cultúir agus oidhreachta an phobail sna ceantair seo.
Tá an comórtas oscailte do ghrianghrafadóirí amaitéireacha. Ní gá duit bheith i dó chónaí sa Ghaidhealtachd/Ghaeltacht ná bheith i do chainteoir Gàidhlig/Gaeilge le dul isteach air. Ní mór, áfach, foscríbhinn as Gàidhlig nó Gaeilge a chur le gach grianghraf.
Ní mór do gach iontráil bheith i bhfoirm dhigiteach. Lena chinntiú go mbíonn an taifeach oiriúnach lena chur ar taispeáint ba chóir go mbeadh gach grianghraf de mhiontaifeach 2400 x 3000 an picteilín glactha ó cheamara 5MP nó níos airde.
Caithfear gach iontráil a chur isteach trí shuíomh Gréasáin Colmcille – www.colmcille.net
Caithfear foscríbhinn/teideal a chur faoi gach grianghraf as Gàidhlig/Gaeilge.
Caithfidh gach iontrálaí foirm chláraithe ar líne a líonadh ar shuíomh Gréasáin Colmcille le haghaidh gach íomhá a chuireann siad isteach. (Níl teorainn ar bith ar líon na n-íomhánna a chuireann gach iontrálaí isteach ach caithfear foirm a líonadh le haghaidh gach íomhá a chuirtear isteach.)
Tá sé mar dhualgas ar an iontrálaí cinnte a dhéanamh de go bhfaightear an cead cuí ó na daoine atá sna grianghraif.
Ní mór gur obair an úinéara amháin é gach grianghraf.
Ní mór grianghraif a chur isteach roimh an Luan 1 Meán Fómhair 2008 ag 9m trí www.colmcille.net
Fiosrúcháin amháin – mairi@colmcille.net
Ní féidir le Colmcille glacadh le freagracht ar bith a bhaineann le hiontrálacha a chailltear nó moill ar iontrálacha.
Moltóirí a cheapann Colmcille a roghnóidh na hiontrálacha a bhaineann.
Is leis an mholtóir amháin an cinneadh deireanach. Cuirfear in iúl do na buaiteoirí tríd an phost, trí rphost nó leis an ghuthán agus bronnfar na duaiseanna ar ócáid bronnta na nduaiseanna, turas a n-íocfar na costais uile leis.
Déanfar sonraí na mbuaiteoirí a fhoilsiú go forleathan.
Bainfidh Colmcille úsáid as íomhánna roghnaithe chun bolscaireacht a dhéanamh ar son na hócáide. Is féidir go bhfoilseoidh Colmcille féilire nó marsantacht eile a bhaineann leis an chomórtas seo. Is féidir go gcuirfear cuid den mharsantacht seo i gcló arís. Ní íocfar táillí ar bith air seo nó ar athchló ar bith eile ach coinneoidh gach grianghrafadóir cóipcheart iomlán ar a gcuid íomhánna agus tabharfar creidiúnas cuí dóibh faoina gcuid oibre. (Is féidir go ndéanfar é seo as Gàidhlig, Gaeilge nó Béarla). Is féidir go mbeidh sé seo ar taispeáint ar shuíomh Gréasáin Colmcille i dtaispeántas poiblí nó ar dhóigheanna eile).
Tá an ceart ag Colmille na híomhánna seo a úsáid chun an eagraíocht a chur chun cinn.
Níl cead ag fostaithe nó Baill Bhoird Cholmcille nó baill ar bith dá dteaghlach dul isteach sa chomórtas.
Is féidir go mbeidh ar bhuaiteoirí míniú/cur síos gairid a dhéanamh ar an íomhá agus ar an áit/uair a glacadh é ar mhaithe leis an taispeántas.
Catagóirí
Beidh cúigear buaiteoirí:
DAOINE FÁSTA
Céad Duais £2000
Dara Duais £ 750
Tríú Duais £ 500
SÓISEARACH (faoi 16 ar 01/09/08)
Céad Duais £ 500
Dara Duais £ 250
Gheobhaidh gach buaiteoir cóip fhrámaithe de léarscáil Thír Cholm Chille.