Scoil Samhraidh Willie Clancy

Seo an scoil samhraidh cheoil is mó agus is rathúla in Éirinn. Tá Colmcille ag cur maoiniú ar fáil do chion Ghaeilge na hAlban sa scoil samhraidh le blianta anuas, le ceoltóirí Gaeilge ó Albain, leithéid Màiri Nic a Ghobhainn, Anna Mhòireach, Griogair Labhruidh agus daoine eile go mór chun cinn sa Scoil Samhraidh.

De bharr iad a bheith ann i rith na seachtaine go léir bhí teagmháil ag lucht éisteachta agus ag daoine aonaracha go pearsanta le Gaeilge na hAlban.

Tá suim ag an Scoil Samhraidh i nGaeilge na hAlban le fada, rud atá le feiceáil sna ranganna ar Ghaeilge na hAlban agus sa chomhpháirtíocht ó amhránaithe Gaeilge ó Albain sna i gceardlanna agus i gceolchoirmeacha.