Iomain Cholmcille

Cluichí idir foirne de chainteoirí Gaeilge in Éirinn agus Albain atá in Iomain Cholmcille.

Is é Iomain an t-ainm coitianta Gaeilge iománaíocht agus agus chamánacht, ach is beag an bhéim a bhí ar an Ghaeilge sna cluichí idirnáisiúnta, nó le na blianta beaga anuas i bhfoirne camánachta in Albain. Tá sé seo ag athrú, áfach. In 2007, tTháinig foireann de chainteoirí Gaeilge ó Gharbhchríocha agus Oileáin na hAlban le chéile chun imirt in éadan foireann as Cumann Micheál Breathnach i gConamara. Bhí an chéad chluiche san Oban, agus bhain foireann Chonamara.

D’fhás Iomain Cholmcille agus in 2009 bhí mion-fhéile Ghaelach i bPort Rí san Oileán Sgitheanach mar ar bhain na hAlbanaigh don chéad uair. Beidh cluiche 2010 i gConamara, agus tá súil ag Colmcille an scéim a fhorbairt i gcomhpháirtíocht le Comunn na Camannachd, agus cumainn Éireannacha agus an rannpháirtíocht a leathnú chuig foirne eile de chainteoirí Gaeilge.

Bhí an malartú go han-éifeachtach ag leibhéal an spóirt, na eanga agus an phobail.