Saol na nGael

Sheol Colmcille mórchomórtas grianghrafadóireachta a raibh de chuspóir aige grianghraif a fháil a léiríonn saol chainteoirí Ghaeilge na hAlban nó Ghaeilge na hÉireann, nó saol na bpobal Gaeilge sa dá thír.

Sheol Michael Russell, aire i rialtas na hAlban, an comórtas in 2009. Tá suim mhór ag Michael é féin sa ghrianghrafadóireacht agus tá taithí aige bheith os comhair na gceamairí ina ról mar aire. Tharraing an comórtas isteach chóir a bheith míle iarratas agus tá anois, dá bharr, taisce luachmhar d’íomhánna beoga ann, gach ceann acu le fotheideal i nGaeilge na hAlban nó i nGaeilge na hÉireann.

Bhí na grianghraif ar fáil chomh maith mar thaispeántas ar camchuairt.