Ceardlanna Aisteoireachta Lasair

Tionscnamh ba ea Lasair a raibh Colmcille ina phríomhurraí air chun dianchúrsa trí seachtaine dráma agus scoil samhraidh a chruthú i nGaeilge na hÉireann agus na hAlban do dhaoine óga.

Tháinig an gá leis an chúrsa chun solais nuair a braitheadh nach raibh na scileanna ag aisteoirí óga i sobaldrámaí chun a gairmeacha a chur chun cinn nuair a bhí deireadh tagtha lena gcarachtair sna cláir ina raibh siad – maidir le gach réimse den drámaíocht agus d’oiliúint don scáileán, carachtracht agus oiliúint gutha – agus nach raibh a mhacasamhail oiliúna ar fáil.