Cearcaill na Gàidhlig, Tuaisceart Lannraig agus Tuaisceart Éireann

Eagraíonn grúpa as Tuaisceart Lannraig, Cearcaill na Gàidhlig, ionad buail isteach seachtainiúil le himeachtaí do pháistí agus ócáidí do dhaoine fásta.

Freastalaíonn sé ar chainteoirí Ghaeilge agus ar fhoghlaimeoirí i nDrochaid a' Chòta agus An Àrd Ruigh, agus tá ceangal aige leis an ionad Gaeilge i gComh Dobhair Alt. In 2008 thug Colmcille tacaíocht do thuismitheoirí ó Chearcall na Gàidhlig chun freastal a dhéanamh ar Scoil Samhraidh Mhic Reachtáin, scoil samhraidh fad seachtaine i mBéal Feirste.

Thug an saol beo beathach Gaeilge i gcathair cosúil lena mbaile féin uchtach do na tuismitheoirí as Lannraig, agus lean siad ar aghaidh lena gcuid nasc le pobal Gaeilge Thuaisceart Éireann, le Gaeilgeoirí as Dún Phádraig, Béal Feirste agus Tuaisceart Lannraig ag glacadh páirte i gcuairteanna malartúcháin eile.