Íle – Baile an Chaistil

Tá Éire níos cóngaraí d'Oileán Íle ná an chuid is mó de mhórthír na hAlban. D’oibrigh Colmcille le hIonad Chaluim Chille Íle ar an oileán chun cúrsaí teanga a fhorbairt.

Ag eascairt ó na teagmhálacha a rinneadh ag na cúrsaí teanga, bhí tuilleadh teagmhálacha idir Íle agus Pobal an Chaistil i mBaile an Chaistil, agus earnáil an Ghaeloideachais i dTuaisceart Éireann.

Clár is ea Fosgladh Dhorsan chun tuiscint a chur chun cinn ar oideachas trí mheán na Gaeilge in Éirinn agus in Albain. Réamaí Mathers ó Phobal an Chaistil a bhunaigh é. Bhí dea-thionchar ag an chlár agus ag cruinnithe poiblí comhcheangailte in Íle, agus tháinig méadú mór ar líon na bpáistí ag dul isteach sa naíonra lán-Ghaeilge.