Fèill Chaluim Chille

Is é an 9ú lá Meitheamh Lá Fhéile Naomh Colmcille. D’eagraigh Colmcille an chéad Fhéile Cholmcille i nGleann Cholm Cille, i gcomhpháirtíocht le hOideas Gael i 2007.

In 2008 bhí an fhéile ar siúl i Muile agus ar Oileán ?, le tacaíocht ó The Year of Scottish Homecoming.In 2009 bhí an fhéile ar siúl i nDoire i gcomhpháirtíocht leis an Clár Ealaíon, Bláthanna, agus Comhairle Cathrach Dhoire. Thug Lucht na Salm as Leòdhas na sailm i nGaeilge na hAlban chuig gach ceann de na féilte seo agus chuig an mhainistir ársa ar Oilean Í, an áit ar cheol siad le Cór Chúil Aodha.

Ghlac grúpa ceoltóirí cumasacha agus gníomhaithe teanga as Oileán Mhanainn páirt sna trí fhéilte. Bhí báid thraidisiúnta mar pháirt den chlár chomh maith.Thug gach aon imeacht deis do chainteoirí Ghaeilge na hAlban agus Ghaeilge na hÉireann buaileadh le chéile, agus deis don phobal áitiúil bheith páirteach.

In 2010 d’eagraigh Oideas Gael Féile Cholmcille sa Ghleann ina raibh ranganna i nGaeilge na hAlban agus ealaíontóirí, chomh maith leis an turas traidisiúnta agus turais siúil.