An Leabhar Mòr

Bhí Colmcille ar phríomhthacaithe airgeadais ag aisling uaillmhianach a thóg seacht mbliana le cur i gcrích agus a sháraigh a raibh cách ag súil leis. Thug Leabhar Mòr na Gàidhlig, a ndeirtear go minic ina leith gur Leabhar Cheanannais an lae inniu é, thug sé le chéile níos mó na 150 file, amharcealaíontóirí, callagrafóirí agus clóghrafóirí as Éirinn agus Albain. Eatarthu tá oidhreacht bhuan fágtha acu, oidhreacht a chuirfidh cluain ar na glúnta inár ndiaidh.

B’fhéidir gurb é an ghné is buaine den tionscadal ná an comhoibriú idir na céadta daoine trasna teorainneacha polaitiúla, tíreolaíochta agus teicneolaíochta, iad tagtha le chéile agus an t-aon aidhm amháin acu. Ríomhann Leabhar Mòr na Gàidhlig, trí na healaíona scríofa agus na hamharcealaíona, scéal cultúir i bhformáid a bhriseann amach as na gnáth-theorainneacha í féin,
Tá 100 dán i nGaeilge na hÉireann agus na hAlban sa leabhar maille lena n-aistriúchán Béarla.

Chruthaigh caoga amharcealaíontóir sa dá thír obair ealaíona úr, a raibh mar spreagadh acu aon dán amháin a roghnaíodh as na céad dán. Rinneadh an bhunobair ealaíne ar scála ar leith ar pháipéar lámhdhéanta ar a bhfuil éagsúlacht dromchlaí, ar a n-áirítear dromhchlaí atá solas-íogair agus dromchlaí a thógann réimse idirmheán.

Ansin d’oibrigh foireann bheag de pheannairí agus agus clóghrafóirí i gcomhar leis na healaíontóirí agus filí ansin chun na línte roghnaithe filíochta agus íomhanna na n-ealaíontóirí chomhtháthú.

Tugann an leabhar seo, a láinseáladh ag tús na Mílaoise nua, droichead do na teangacha Gaelacha idir a bhfréamhacha, a stair le deireanas, agus a dtodhchaí. Ceapann sé ann féin go deo cruthaíocht shaibhir agus éagsúil an chultúir Ghaelaigh agus é ag amharc ag an am céanna chun tosaigh ar thodhchaí gheal bhuacach.

Tá camchuairt déanta ag an leabhar ar 45 ionad in Albain agus in Éirinn agus shín sé amach thar sáile chuig áiteanna inar lonnaigh eisimircigh Éireannacha agus Albanacha.

www.leabharmor.net