Pròiseactan - Na hEalaíona & Oidhreacht
An Leabhar Mòr
Bhí Colmcille ar phríomhthacaithe airgeadais ag aisling uaillmhianach a thóg seacht mbliana le cur i gcrích agus a sháraigh a raibh cách ag súil leis.
Comhoibriú Amharcealaíona Comhaimseartha
Thug Colmcille tacaíocht do chlár a bhain le scéim a bhunú a thabharfadh ealaíontóirí idirnáisiúnta go dtí ceantair Ghaeltachta le bheith ag obair i gcomhar le healaíontóirí ón áit ina mbeadh siad ar cuairt chun cláir oibre ar leith a chur i gcrích.
Clár Malartaithe Ealaíontóirí
Rinne Colmcille forbairt ar scéim phíolótach chun clár malartaithe idirnáisiúnta amharcealaíona a bhunú idir ceantair Ghaeltachta na hÉireann agus na hAlban. Malartaíodh dhá ealaíontóir óga a bhfuil gealladh fúthu ar feadh tréimhse chónaitheach 3 mhí.
Drámaíocht
Thug Colmcille tacaíocht don léiriú comhpháirtíocht amharclainne idir Ababú (Tuaisceart Éireann) agus Tosg (Albain) agus an leagan Gaeilge de An Coille Ghruamach, dráma geamaireachta/fantaisíochta le Síomón Mac Coinnich, nach maireann.
Scoil Samhraidh Willie Clancy
Seo an scoil samhraidh cheoil is mó agus is rathúla in Éirinn. Tá Colmcille ag cur maoiniú ar fáil do chion Ghaeilge na hAlban sa scoil samhraidh le blianta anuas, le ceoltóirí Gaeilge ó Albain, leithéid Màiri Nic a Ghobhainn, Anna Mhòireach, Griogair Labhruidh agus daoine eile go mór chun cinn sa Scoil Samhraidh.
Píobairí Ard Mhacha agus Fèis an Earraich
Oileann Píobairí Ard Mhacha ceoltóirí óga ó dheisceart Uladh in ionaid in Ard Mhacha agus Muineachán. Tá ról comhchosúil ag Fèis an Earraich ar Oileán Sgitheanach.
Èirinn is Alba
Ag an Mòd in 2008 agus ag an Oireachtas in 2009, thug Colmcille cuireadh d’amhránaithe agus do dhamhsóirí sean-nóis grúpa a bhunadh a d’oibreodh le chéile chun sárthaispeántas den cheol agus den chultúr Ghaelach a chur os comhair lucht éisteachta de chainteoirí Ghaeilge na hAlban.
Fèis nan Òran
Le roinnt blianta anuas tá Colmcille ag eagrú féile sean-nóis i dTí Chulainn, sa Mhullach Bán. Bhí an líon céanna ceoltóirí Ghaeilge na hAlban agus na hÉireann ann, agus mealladh lucht éisteachta as Baile Átha Cliath, Gaillimh agus ar fud Uladh.
Duais Cholmcille
Bíonn féile idirnáisiúnta filíochta i mBéal na mBuillí i gContae Ros Comáin mar a dtugtar an stádas céanna d’fhilíocht na Gaeilge ná mar a thugtar d’fhilíocht an Bhéarla. Tá duaischiste curtha ar fáil ag Colmcille fá choinne dánta i nGaeilge na hÉireann nó i nGaeilge na hAlban.
Féile na Gréine
Le roinnt blianta anuas tá Colmcille ag tacú le rannpháirtíocht ealaíontóirí Ghaeilge na hAlban ag Féile na Gréine, féile a cheiliúrann grianstad an tsamhraidh, ar an Coireán, Co. Chiarraí. In 2010 bhí lúcháir ar an fhile chlúiteach Albanach, Aonghas MacNeacail, theacht ar ais chun na féile fá choinne an dara le dhá bhliain anuas.
Glaschú na nGael
Agus cathair Ghlaschú chomh mór sin chun cinn i saol agus i gcuimhní na gcainteoirí Gaeilge Éireannacha Albanacha, d’eagraigh Colmcille, i gcomhpháirt le Conradh na Gaeilge agus Ceol 's Craic, d’eagraigh siad Glaschú na nGael, deireadh seachtaine rathúil de theanga, de cheol agus de chuideachta.
Amra Choluim Cille
Bhí sraith pictiúir ghalánta leis an ealaíontóir Brian Ferran, bunaithe ar an dán Amra Choluim Chille ón séú céad, i gceartlár togra a forbraíodh i gcomhpháirtíocht idir Colmcille, Iontaobhas ULTACH (eagraíocht trasphobail Gaeilge lonnaithe i mBéal Feirste), agus PNE, An Ghníomhaíocht Ealaíne Gàidhlig.
Lucht na Salm as Leòdhas
Rinne Lucht na Salm as Leòdhas cion nach beag in obair Cholmcille agus ar son tuiscint trasphobail i dTuaisceart Éireann.
Fèill Chaluim Chille
Is é an 9ú lá Meitheamh Lá Fhéile Naomh Colmcille. D’eagraigh Colmcille an chéad Fhéile Cholmcille i nGleann Cholm Cille, i gcomhpháirtíocht le hOideas Gael i 2007.
Saol na nGael
Sheol Colmcille mórchomórtas grianghrafadóireachta a raibh de chuspóir aige grianghraif a fháil a léiríonn saol chainteoirí Ghaeilge na hAlban nó Ghaeilge na hÉireann, nó saol na bpobal Gaeilge sa dá thír.
Seisiúin Cholmcille
Thug Colmcille tacaíocht do thionscadal uaillmhianach chun sraith de shé chlár teilifíse leathuaire a léiriú, sraith a d’fhiosródh comhoidhreacht cheol na hAlban agus na hÉireann agus, go háirithe, an amhránaíocht Ghaelach.


