Projects - Forbairt Comhphobail & Shóisialta
Slí Cholmcille
Tá Slí Cholmcille ina chonair turasóireachta agus oidhreachta a nascann suímh in Éirinn agus in Albain atá luaite le Naomh Colmcille. Is féidir an tslí a leanúint ar líne, nó is féidir léarscáileanna a íoslódáil is a leanúint ar an talamh.
Pléaraca Chonama, Nis
Is é ceann de na chéad mhalairtí a raibh Colmcille páirteach ann ná malartú idir Pléaraca Chonamara agus Nis ar Oileán Leòdhais.
Íle – Baile an Chaistil
Tá Éire níos cóngaraí d'Oileán Íle ná an chuid is mó de mhórthír na hAlban. D’oibrigh Colmcille le hIonad Chaluim Chille Íle ar an oileán chun cúrsaí teanga a fhorbairt.
Teanga agus Polaitíocht
Thug Colmcille tacaíocht d’Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste le sraith Siompóisiam ar Theanga agus Polaitíocht. Fóraim éifeachtacha dhíospóireachta ar theanga a bhí iontu do phobail Ghaeilge Albanacha agus Éireannacha.
Cearcaill na Gàidhlig, Tuaisceart Lannraig agus Tuaisceart Éireann
Eagraíonn grúpa as Tuaisceart Lannraig, Cearcaill na Gàidhlig, ionad buail isteach seachtainiúil le himeachtaí do pháistí agus ócáidí do dhaoine fásta.
Iomain Cholmcille
Cluichí idir foirne de chainteoirí Gaeilge in Éirinn agus Albain atá in Iomain Cholmcille.


