An Nuacht is déanaí
Sparánachtaí ar son Cúrsaí i nGaeilge na hAlban 2012
2012-04-18
Spriocdháta: Dé hAoine 25 Bealtaine 2012. Tá Colmcille i ndiaidh a fhógairt go bhfuil scéim sparánachtaí oscailte do dhaoine atá ag iarraidh freastal ar chúrsaí cónaithe i nGaeilge na hAlban i 2012. Tá an scéim ag díriú ach go háirithe ar chúrsaí ag Rubha an Fhèich in Eilean Leòdhais, agus ag Sabhal Mòr Ostaig. Beidh tús áite ag mhic léinn lánaimseartha 3ú leibhéal, daoine ar féidir leo a léiriú go bhfuil ceangal acu le hobair na Gaeilge, agus go bhfuil deis agus toil acu nascanna a thógáil le pobal Ghaeilge na hAlban dhaoine atá ag cur isteach den chéad uair, nó nach bhfuil níos mó ná dhá chúrsa déanta acu. Is féidir le mic léinn agus le daoine gan tuarastal iarratas a dhéanamh ar dheontas breise ar luach £200 le haghaidh taistil agus bia. Íocfar an deontas seo i ndiaidh láimhe, agus ar bhun admhálacha.
Scéim Deontas Cholmcille oscailte - spriocdháta 18 Bealtaine 2012
2012-04-17
Tá Colmcille i ndiaidh a fhógairt go bhfuil a scéim deontas oscailte do thionscadail a nascann Gaeilge na hÉireann is Gaeilge na hAlban, agus a ardaíonn feasacht ar a n-oidhreacht choiteann. Páirtíocht idir Éirinn agus Albain is ea Colmcille, a chuireann Gaeilge na hÉireann agus na hAlban chun cinn trí thionscadail a bhunaíonn comhoibriú idir an dá thír. Cabhraíonn an scéim deontas le tionscadail sa phobal, san oideachas, sna healaíona agus le tionscadail óige. Cothaíonn Colmcille feasacht agus taithí agus ar an chultúr choiteann atá ag pobail Ghaeilge na hÉireann is na hAlban, agus cothaíonn sé díospóireacht faoi cheisteanna sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíochta a bhaineann leis an dá thír, ar mhaithe le féinmhuinín a chothú sna pobail Ghaeilge. Tá súil ag Colmcille go mbeidh réimse leathan pobal agus eagraíochtaí rannpháirteach sa scéim. Is féidir iarratais a chur isteach faoin scéim suas go dtí an 18 Bealtaine. Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Ferdie Mac an Fhailígh. “Cuirfimid fáilte roimh iarratais a chuirfidh caidreamh úrnua chun cinn idir pobail a na labhraíonn Gaeilge in Éirinn agus in Albain, agus chomh maith leis sin, roimh iarratais a chuireann leis na nascanna atá ann cheana féin. Caithfidh gach iarratas a bheith dírithe go láidir ar an teanga agus ar an nasc idir Gaeilge na hÉireann agus Gaeilge na hAlban. Is mian le Colmcille go mbeidh a chuid oibre agus na tionscadail a fhaigheann deontas ag cur leis an tuiscint ar an Ghaeilge mar pháirt den fhéiniúlacht chultúir in Éirinn agus in Albain, agus beidh fáilte ar leith roimh thionscadail a léireoidh dóigheanna nuálacha leis an Ghaeilge a chur i láthair.” Thug Colmcille tacaíocht do réimse leathan imeachtaí thar na blianta. Tá Slí Cholmcille ar cheann de na tionscadail is mó a raibh baint ag Colmcille leis le bliain anuas – slí turasóireachta agus oidhreachta atá ann a leanann beatha Cholmcille – an naomh a chraobhscaoil an Chríostaíocht in iarthar na hAlban agus níos faide ar shiúl.
Cúrsaí ULPAN ag Rubha an Fhèich Ceantar na Loch, Leòdhas
2012-03-23
Tá comharchumann ag Rubha an Fhèich, Ceantar na Loch i Leòdhas, atá ag tairiscint cúrsaí Gàidhlig a mbeidh spéis ag cainteoirí Gaeilge iontu ar an 7 - 14 Iúil agus an 18 - 24 Lúnasa 2012
Iomain Cholmcille
2012-03-12
Beidh an cúigiú Iomain Cholmcille - comórtas idirnáisiúnta iomana idir lucht na Gaeilge in Éirinn is Albain i bPort Rí san Eilean Sgitheanach ar Dé Sathairn an 7 Aibreán. Den chéad uair, beidh ceithre fhoireann ann,, foireann as an Eilean Sgitheanach, foireann náisiúnta in Albain, agus dhá fhoireann as Éirinn, Fir Uladh as Cúige Uladh agus Cumann Mhicheál Breathnach as Conamara.
Tacaíonn Colmcille le CD nua a dhéanann ceiliúradh ar shaibhreas chomhthraidisiún ceoil na hÉireann / na hAlban.
2010-12-03
Dhá chultúr amhránaíochta Ghaelacha, mar atá, traidisiúin Chúige Uladh agus Argyll - tá siad beirt léirithe ar CD nua a eisíodh an mhí seo agus ar thacaigh Colmcille leis.


