Iomáin Cholmcille i gConamara 11 - 12 Deireadh Fómhair 2013

Is i gConamara a reachtálfar Iomain Cholmcille, an comórtas idirnáisiúnta Iománaíochta/Camanachd idir cainteoirí Gaeilge as Éirinn agus Albain, i mbliana.  Beidh an séú comórtas bliantúil ar Pháirc an Chnoic in Indreabhán, Co. na Gaillimhe ar an Satharn, 12 Deireadh Fómhair.  Ó cuireadh tús leis an gcomórtas san Oban in Albain i 2007, bíonn iomaíocht faoi chomhrialacha chuile bhliain do Chorn Cholmcille idir iománaithe Chumann Mícheál Breathnach as Gaeltacht Chois Fharraige agus foireann imreoirí Camanachd (Shinty) as Oileáin agus Garbhchríocha na hAlban.  Anuraidh don chéad uair bhí ‘Fir Uladh’, foireann de chainteoirí Gaeilge as Cúige Uladh, páirteach sa chomórtas chomh maith, agus beidh Fir Uladh páirteach arís i mbliana.

Go dtí seo reachtáladh an Comórtas trí huaire in Albain agus faoi dhó in Éirinn.  Tá an Corn buaite trí huaire ag Cumann Mícheál Breathnach, ach is ag na hAlbanaigh atá an Corn faoi láthair tar éis dóibh é a bhuachan don dara huair i bPort Ríogh ar Oileán Sgitheanach an bhliain seo caite.

Faigheann an Comórtas tacaíocht ón eagraíocht Colmcille, a bhfuil sé mar aidhm aici breis caidrimh a chothú agus a fhorbairt idir phobal na Gaeilge in Éirinn agus pobal na Gàidhlig in Albain. Deir Colmcille go bhfuil an caidreamh Iománaíochta/Camanachd seo an-éifeachtach ag leibhéal an spóirt, na teanga agus an phobail.

Iomáin Cholmcille i gConamara 11 - 12 Deireadh Fómhair 2013