Maoiniú
Cothaíonn Colmcille tuiscint ar thaithí agus chultúr ilghnéitheach phobail Ghaelacha na hÉireann agus na hAlban, go spreagann plé ar na comhbhuarthaí atá orthu maidir le cúrsaí sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíochta d'fhonn féinmhuinín phobail na Gaeilge agus na Gàidhlig araon a chothú.
Ceann de bhunphrionsabail Cholmcille is ea go gcothaíonn an obair aige agus na tionscadail atá maoinithe aige tuiscint ar an tionchar a d'imir an Ghaeilge ar fhéiniúlacht chultúrtha na hÉireann agus na hAlban araon. Ní mór do gach iarratas béim láidir a dhíriú ar an teanga agus ní mór dó Gaeilge na hAlban agus Gaeilge na hÉireann a chónascadh chomh maith. Má tá maoiniú bronnta ag Colmcille ar thionscnamh roimhe seo, ní chiallaíonn sé go mbronnfar maoiniú ar an tionscnamh céanna amach anseo. Tabharfar tús áite do Chomhpháirtíochtaí láidre Pobail agus do nascálacha láidre agus cuirimid fáilte ar leith roimh iarratais do thionscadail nuálacha úrnua a fhorbraíonn bealaí nua bunúla chun Éire Ghaelach agus Albain a léiriú.
Má tá suim agat iarratas a dhéanamh, déan teagmháil leis an Oifigeach Tionscadail i do dhlínse féin ar an chéad dul síos.
Tosaíochtaí maoinithe Cholmcille:
Beidh maoiniú Cholmcille dírithe i leith tionscadail a chuireann go mór le líon na ndaoine a bhíonn ag foghlaim agus ag úsáid Ghaeilge na hAlban agus Ghaeilge na hÉireann.
- * Ní mór do gach tionscadal fócas láidir a bheith ann ar theanga, agus ní mór dó nasc a dhéanamh idir Gaeilge na hAlban agus Gaeilge na hÉireann.
- * Ní mór do thionscadail caidreamh a fhorbairt idir na pobail na Gaeilge in Albain agus in Éirinn.
Ní ghlacfar leo seo i leanas:
Tionscadail nach bhfuil baint acu le naisc idir Gaeilge na hAlban agus Gaeilge na hÉireann, agus lena gcur chun cinn.
Tionscadail nach gcothaíonn naisc idir Éirinn agus Albain, nó nach gcothaíonn tuiscint in Éirinn ar phobal Ghaeilge na hAlban, nó in Albain ar phobal Ghaeilge na hÉireann
Cad é mar is féidir liom iarratas a dhéanamh?
Tá foirmeacha iarratais ar fáil le híoslódáil ar www.colmcille.net nó trí theagmháil a dhéanamh le duine d’Oifigigh Forbartha Cholmcille.
Cá huair is féidir liom iarratas a dhéanamh?
Tá Babhtaí Coimisiúnaithe le spriocdhátaí daingne i bhfeidhm arís ag Colmcille.
Tá dhá spriocdháta ann gach bliain ag Colmcille le haghaidh iarratas. Is é an chéad spriocdháta d’iarratais atá leagtha amach i gcóir 2012, an 18 Bealtaine.
Cad é eile ba chóir dom a dhéanamh?
Tá sé tábhachtach dul i gcomhairle leis na hOifigigh Forbartha.
Léigh na treoracha.
Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh?
Grúpaí pobail reachta, eagraíochtaí neamhbhrabúsacha, eagraíochtaí deonacha agus eagraíochtaí atá ag obair i gcomhpháirtíocht leis na grúpaí seo. I gcásanna eisceachtúla, thig le daoine aonair nó comhlachtaí brabúsacha iarratas a dhéanamh ar choinníoll go bhfuil tairbhe shoiléir do na pobail teanga le sonrú.
Iarratais
- Ní mór cóip chrua shínithe den iarratas a chur isteach. Iarrtar ar iarratasoírí cóip bhreise i bhformáid dhigiteach a sheoladh isteach, ionas go mbeidh sé éasca na foirmeacha a roinnt idir oifigí éagsúla Cholmcille.
- Ba chóir na treoirlínte maidir le critéir mhaoinithe Cholmcille agus tosaíochtaí na scéime a léamh go cúramach sula ndéantar an t-iarratas a chomhlánú
- Beidh oifigigh Cholmcille sásta aon cheist a bheadh agat a fhreagairt maidir leis an fhoirm iarratais
- Ba chóir cóip den iarratas a choinneáil
- Ba chóir ainm agus seoladh an iarratasóra a bheith scríofa ar gach leathanach breise nach bhfuil mar chuid den fhoirm iarratais
- Cuirfear admháil chuig an iarratasóir chun a dheimhniú go bhfuil an t-iarratas faighte


