Aitheantas ar mhaoiniú Cholmcille
1. Treoirlínte
Colmcille
Is clár comhpháirtíochta é Colmcille idir Foras na Gaeilge, an foras a bhfuil sé de chúram aige an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud oileán na hÉireann agus Bòrd na Gàidhlig, an foras a bhfuil sé de chúram aige teanga agus cultúr Gaelach a chur chun cinn in Albain agus ar bhonn idirnáisiúnta. Tacaíonn Colmcille le tionscadail a chuireann chun cinn comhoidhreacht teangeolaíochta agus chultúrtha na hÉireann agus na hAlban. Tugann sé faoi seo trí thionscadail phobalbhunaithe a mhaoiniú agus trí thionscnaimh oideachais, ealaíne, chultúrtha agus fógraíochta a eagrú ar fud na hÉireann agus na hAlban.
Teanga agus cultúr na Gàidhlig / Gaeilge a chur chun cinn
Is é is cuspóir le Colmcille, pobail teanga a thabhairt le chéile agus caidreamh dearfach a chothú. Tá ról cumasaithe ag an chomhpháirtíocht chomh maith agus clár dinimiciúil d'fhorbairt tionscadal á éascú aige, chomh maith le teagmhálacha, faisnéis agus cúnamh deontais á soláthar aige. Cuid d'obair Cholmcille is ea comhthuiscint ar an dá theanga a ardú; úsáid agus comhthuiscint ar an dá theanga a éascú; caidreamh a chruthú le réimse leathan páirtithe leasmhara, lucht leathan féachána agus pobail áitiúla teanga. Ní amháin go bhfuil clár tionscadal ilghnéitheach ag teastáil ó Cholmcille lena chuid cuspóirí a bhaint amach ach tá rannpháirtíocht ó réimse leathan pobal agus eagraíochtaí ag teastáil uaidh chomh maith.
Mar chomhpháirtíocht atá maoinithe go poiblí, tá sé tábhachtach go bhfuil deis ag an phobal amharc a fháil ar cad é atá á dhéanamh againn agus conas a caitheadh airgead poiblí. Tá sé de choinníoll deontais ar eagraíochtaí a fhaigheann maoiniú ó Cholmcille, gach deis a thapú an tacaíocht seo a léiriú m.sh. ar bhileoga eolais, phóstaeir, phreaseisiúintí, fhógraí, thaispeántais, láithreáin ghréasáin agus chláir imeachtaí.
D'fhéadfaí a mheas nach bhfuil tionscadal tugtha chun críche agus d'fhéadfaí moill a chur ar íocaíochtaí nó íocaíochtaí a chur siar mura bhfuil an t-aitheantas ceart tugtha.
Cuidigh linn teanga agus cultúr na Gàidhlig agus na Gaeilge a chur chun cinn agus a cheiliúradh trínár lógó a úsáid.
An Lógó
Is féidir teacht ar lógó Cholmcille i bhformáidí éagsúla; ar ríomhphost, dhlúthdhiosca agus is féidir é a íoslódáil ó láithreán gréasáin Cholmcille. Tá sé tábhachtach go n-úsáidtear an lógó ar an bhealach chéanna agus go bhfuil sé réasúnta feiceálach, de réir mhéid an deontais. Ba chóir go mbeadh an lógó le feiceáil ina iomláine agus go hingearach. Níor chóir go ndéanfaí níos mó ná níos lú é.
2. Poiblíocht
Eisiúintí nuachta
Ba chóir do gach eisiúint nuachta a dhearbhú go soiléir go bhfuil an tionscadal maoinithe ag Colmcille. Ba chóir go mbeadh foinse, suim agus dáta an deontais in ionad feiceálach i gcorp an téacs. Is féidir ráiteas oifigiúil a fháil ó Chomhordaitheoir Cholmcille chun é a úsáid san eisiúint.
Seoladh
Ba chóir go dtabharfaí cuireadh do Cholmcille a bheith i láthair ag an seoladh oifigiúil nó an searmanas tionscnaimh d'aon tionscadal nó imeacht atá á mhaoiniú aige. Ba chóir go dtabharfaí le fios go soiléir sna cuirí a sheoltar chuig na haíonna go bhfuil Colmcille ag tacú leis an tionscadal tríd an lógó nó trí thagairt a dhéanamh de seo sa téacs. Ba chóir maoiniú Cholmcille a aithint in aon óráid a thugtar ag an seoladh.
Ábhar Foilsithe
Ba chóir go sonrófar go soiléir in aon litríocht fógraíochta a bhaineann leis an tionscadal go bhfuil maoiniú faighte aige ó Cholmcille, tríd an lógó a úsáid, nó i gcásanna áirithe, é seo a lua sa téacs. Baineann seo le bileoga eolais, bróisiúir, cláir, póstaeir, fógraí, ábhair thaispeántais, láithreáin ghréasáin agus fógraíocht.
Comharthaí
Is féidir an lógó a phriontáil ar phlaic nó a ghreanadh go díreach ar dhromchla oiriúnach. Is ionann na prionsabail maidir le méid agus le lonnú do na cásanna seo agus d'ábhar foilsithe.
Íomhánna
Ba chóir, más féidir, grianghraif de thionscadail agus d'imeachtaí a sheoladh chuig Colmcille le linn nó ag deireadh an tionscadail.
Tuilleadh eolais
Oifigeach Forbartha Cholmcille


