Fùinn

Is ar an 9 Meitheamh 1997 a sheol Mary Robinson, Uachtarán na hÉireann ag an am agus Brian Wilson, Aire Stáit na hAlban don Oideachas, Tionsclaíocht agus an Ghàidhlig ag an am, Colmcille, nó Iomairt Cholm Cille / The Columba Initiative mar a tugadh air roimhe sin. Rinne an tUachtarán Robinson tagairt don ról atá ag Colmcille chun "spás oileánda a chruthú dúinn féin, chun ceiliúradh a dhéanamh ar na nithe sin a roineann Albain agus Éire eadrainn" agus chuir Wilson in iúl an dóchas a bhí aige go ndéanfadh Colmcille "tacaíocht don teanga Cheilteach a chothú agus go ndéanfadh sé forbairt ar na naisc idir Albain Ghaelach agus Éirinn".

Tá tacaíocht á tabhairt ag Colmcille i gcónaí – clár comhpháirtíochta is ea anois é idir Foras na Gaeilge, an foras a bhfuil sé de chúram aige an Ghaeilge a chur chun cinn agus Bòrd na Gàidhlig, an foras a bhfuil sé de chúram aige an teanga Ghaelach agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn in Albain agus ar bhonn idirnáisiúnta - do thionscadail a chuireann comhoidhreacht teangeolaíochta agus chultúrtha na hÉireann agus na hAlban chun cinn. Baineann sé seo amach trí thionscadail phobalbhunaithe a mhaoiniú agus trí thionscnaimh oideachais, ealaíne, chultúrtha agus fógraíochta a eagrú ar fud na hÉireann, Thuaidh agus Theas agus ar fud na hAlban.

In ainneoin gur fada an Ghàidhlig agus an Ghaeilge ag dul i dtreo an Bhéarla, is beo do na teangacha céanna i gcónaí mar theangacha beo pobail i roinnt croíthailte traidisiúnta Gaidhealtachd/Gaeltachta. Baineann daoine go leor úsáid astu ar bhonn laethúil lasmuigh den Ghaeltacht chomh maith, i gcathair Ghlaschú, Inverness, Dhún Éideann, Dhoire agus Bhaile Átha Cliath, mar shampla. Tá cumas éigin sa Ghàidhlig ag 92,396 duine in Albain. De réir an Daonáirimh deiridh, tá 58,652 duine in ann Gàidhlig a labhairt, agus tá 33,744 duine breise ann atá in ann a léamh, a scríobh nó a tuiscint. De réir fhigiúirí an Daonáirimh deiridh, is féidir le 1.66 milliún duine i nDeisceart na hÉireann Gaeilge a labhairt, agus tá maíte ag 10.4% de na cónaitheoirí i dTuaisceart na hÉireann go bhfuil eolas éigin acu ar an teanga.

Is é is cuspóir le Colmcille, pobail teanga a thabhairt i gceann a chéile agus caidreamh dearfach a chothú. Tá ról cumasaithe ag an chlár comhpháirtíochta chomh maith agus é ag éascú clár dinimiciúil d'fhorbairt tionscadal, agus ag soláthar teagmhálacha, faisnéise agus cúnamh deontais. Cuid d'obair Cholmcille is ea comhthuiscint ar dhá theanga mionlaigh a ardú; úsáid agus comhthuiscint ar an dá theanga a éascú; caidreamh a chruthú le réimse leathan páirtithe leasmhara, le lucht féachána leathan agus le pobail áitiúla teanga. Ní amháin go bhfuil clár tionscadal ilghnéitheach ag teastáil ó Cholmcille lena chuid cuspóirí a bhaint amach ach tá rannpháirtíocht ó réimse leathan pobal agus eagraíochtaí ag teastáil uaidh chomh maith.

Déanann comhchoiste, ina bhfuil triúr comhaltaí as Bord Stiúrthóirí Fhoras na Gaeilge agus beirt chomhaltaí as Bord Stiúrthóirí Bhòrd na Gàidhlig, monatóireacht ar chuspóirí straitéiseacha chomhpháirtíocht Cholmcille. Tagann an coiste seo i gceann a chéile 4 huaire in aghaidh na bliana ar a laghad. Fostaíonn Colmcille Oifigigh Forbartha in Albain agus in Éirinn agus cuirtear tacaíocht riaracháin ar fáil in oifigí Fhoras na Gaeilge agus Bhòrd na Gàidhlig. Comhoibríonn an triúr Oifigeach Forbartha atá lonnaithe i nGaoth Dobhair, i mBéal Feirste agus i nGlaschú le chéile i réimse tionscadal agus san fhorbairt agus seachadadh straitéiseach a bhaineann leo. Is faoin Chomhordaitheoir agus oifigigh shinsearacha as Foras na Gaeilge agus Bòrd na Gàidhlig bainistiú laethúil Cholmcille a mhaoirsiú.

Is féidir le grúpaí pobail comhdhéanta, eagraíochtaí seachbhrabúsacha, eagraíochtaí deonacha nó eagraíochtaí atá ag obair i gcomhar leis na grúpaí céanna iarratas ar mhaoiniú a dhéanamh le Colmcille. I gcásanna eisceachtúla, is féidir le daoine aonair nó le cuideachtaí brabúsmhara iarratas ar mhaoiniú a dhéanamh ach sochar soiléir a bheith ann do na pobail teanga is leithne.

Múnlaítear tosaíochtaí straitéiseacha Cholmcille maidir le Sealbhú; Úsáid; Stádas; agus Corpas ar phrionsabail phleanála teanga Fhoras na Gaeilge agus Bhòrd na Gàidhlig